Failte go Teac Campbell 

 

Tá Teach Champbell suite ar an phríomh bhóthar idir an Bunbeag agus na Doirí beaga, i gcroí-lár Ghaeltacht Ghaoth Dobhair. Tá sé ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, ag amharc amach ar an Fharraige Mhór agus na hoileaín amach ón gcósta.
Seo lóistín den scoth le radharcanna galánta, seomraí en-suite agus wifi ar fud an tí. Tá atmasféar suaimhneach, cairdúil sa teach agus i measc na n-áiseanna nua-aimseartha, tá rian de shaol tradisiúnta na háite le feiceáil, idir troscaín, pictiúirí agus sean ghrianghrafanna.

 
teacCthumbR.jpg

Fúinn

Tá Teach Champbell suite ar an phríomhbhóthar idir an Bun Beag agus na Doirí Beaga, i gcroí-lár Ghaeltacht Ghaoth Dobhair. Tá sé ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, ag amharc amach ar an Fharraige Mhór agus na h-oileaín amach ón gcósta…

Breis Eolais →

beachThumbR.jpg

GAOTH dOBHAIR

Is áit iontach álainn é Gaoth Dobhair, ina dtig leat sult a bhaint as an nádúr, radharcanna galánta ar na tránna bána, na sléibhte maorga, na lochanna, na h-aibhneacha agus na gleannta. Sí an Ghaeilge príomh theanga mhuintir na h-áite agus …

Breis Eolais →

hikingThumbR.jpg

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Is ceantar é seo ina dtig leat a bheith pairteach i gcuid mhór spóirt faoin aer. Tá gailf, róthaíocht, marcaíocht, iascaireacht agus siúladóireacht ina measc. Téann bádaí farantóireachta chuig na hoileáin achan lá agus ar ndóigh tá Páirc …

Breis Eolais →