FúINN

Is teach lóistín teaghlaigh é Teach Campbell atá suite i gcroílár Ghaoth Dobhair. Tá lóistín den chéad scoth ar fáil i dTeach Campbell. Tá seomrafolctha agus teilifís le gach seomra leapa inár dteach Leaba agus Bricfeasta.
Tá Wi-Fi saor in aisce ar fáil do na haíonna uilig. Tá radharc iontach ar an Atlantach agus ar oileáin an chósta ó go leor de na seomraí seo, agus ónár sólann fhairsing teilifíse.


Tá gach só nua-aimseartha ar fáil ar fud an tí chomh maith le mealltacht an tseansaoil. Tá na ballaí maisithe le grianghraif agus pictiúir ó na laetha a bhí.
Tá suíomh cluthar tuaithe ar fáil sa seomra bia mar a bhfuil driosúir agus
troscáin den ghiúis, agus bia úr folláin. Cruthaíonn na gnéithe seo timpeallacht shochma agus cuireann an tine mhóna go mór le carachtar an tí.
Táimid bródúil as an aire phearsanta chairdiúil a thugaimid do gach aoi.

Cuirimid céad míle fáilte roimh an aoi atá ag teacht ar cuairt den chéad uair agus roimh na cairde uilig a thig ar ais go rialta.

 
Teac Campbell, lóistín lárnach, glan, compordach ar phraghas réasúnta. Cuirfear fáilte mhór chroíúil romhat, agus gheobhaidh tú brisfeasta blasta fial. Molta go mór
— SeanMacGC, TripAdvisor Aibreán 2017

NA HÁISEANNA

 

  • Bricfeasta iomlán Gaelach nó Eorpach san áireamh.

  • Tá Gaeilge ag an fhoireann.

  • WiFi in aisce ar fáil do na haíonna.

  • Stóráil shábháilte le haghaidh rothar.

  • Comhairle eolach faoi imeachtaí sa cheantar.

  • Tá seomra folctha agus teilifís i ngach seomra.

  • Páirceáil saor in aisce ar an láthair.

  • Radharc iontach ar oileáin an chósta ó chuid mhór de na seomraí.

  • Seomraí teaghlaigh ar fáil.

  • Sólann mór le haghaidh cruinnithe.